Beartas Twitter Oifig an Choimisinéara Teanga
Is iad na príomh bhealaigh le teagmháil a dhéanamh leis an Oifig ná ar an bhfón 091504006, ar ríomhphost eolas@coimisineir.ie nó tríd an fhoirm gearán ar líne http://bit.ly/1QnxpO9
Is é Bainisteoir Cumarsáide Oifig an Choimisinéara Teanga a dhéanann cuntas Twitter @ceartateanga a bhainistiú. Bainfear úsáid as Twitter chun nuacht agus eolas faoi obair na hOifige a sheachadadh, ina measc an Tuarascáil Bhliantúil, Ráitis ón gCoimisinéir Teanga, seirbhísí atá ar fáil as Gaeilge agus ábhair eile gur spéis leis an phobal.
De ghnáth déanfar an cuntas Twitter a uasdátú i rith uaireanta oibre, Luan go hAoine. Déanfar monatóireacht ar an gcuntas i rith uaireanta oibre, Luan go hAoine de ghnáth chomh maith.
Fáiltítear agus léifear gach teachtaireacht @. Os rud é gur duine amháin atá ag bainistiú an chuntais, ní bheidh ar ár gcumas freagra a thabhairt ar gach teachtaireacht.
Níl aon dualgas ar @ceartateanga aon cheann dár leantóirí a leanúint.
Má leanaimid cuntas Twitter, ní chiallaíonn sé sin go dtacaíonn, nó go n-aontaíonn an Oifig le seasamh an chuntais sin. Má dhéanaimid ath-tweetáil ar ábhar ó chuntas Twitter eile, ní chiallaíonn sé sin go dtacaíonn, nó go n-aontaíonn an Oifig leis an ábhar ná an cuntas as ar tháinig sé.
Má sheoltar teachtaireacht díreach chuig an Oifig le Twitter, is ionann sin agus teagmháil a dhéanamh leis an Oifig chun críocha oifigiúla. Má theastaíonn uait gearán a dhéanamh ag baint úsáid as Twitter, tá deimhniú de dhíth orainn gur sin atá uait, trí theachtaireacht díreach nó tríd na príomh bhealaigh teagmhála leis an Oifig, ar an bhfón 091504006, ar ríomhphost eolas@coimisineir.ie nó tríd an fhoirm gearán ar líne http://bit.ly/1QnxpO9
Ní nós le hOifig an Choimisinéara Teanga tagairt a dhéanamh d’aon chás ar leith agus leanfaidh sé sin mar ghnáth nós.
Tá an ceart ag Oifig an Choimisinéara Teanga an ráiteas seo a leasú nó a nuashonrú ag am ar bith.