Cearta Teanga: Acmhainn do Mhúinteoirí

Tá an acmhainn oideachais seo á chur ar fáil lena úsáid mar chuid den chúrsa san Oideachas Saoránach, Sóisialta agus Polaitiúil (OSSP) sa Teastas Sóisearach.

Forbríodh an acmhainn oideachais i dteannta leis an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí agus cuireadh an pacáiste ar fáil do scoileanna dara leibhéal ar fud na tíre le tacaíocht ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta.

Sraith d'ocht gcinn de cheachtanna scoile chomh maith le rogha de chúig cinn de thionscadail ghníomhaíochta atá anseo. Tá an 'pacáiste foghlaim ghníomhaíochta' seo dátheangach go hiomlán agus áirítear ann leabhar don mhúinteoir, póstaeir, CD Rom, DVD de ghearrthóga físe agus an acmhainní ar líne seo.