Feidhmeanna an Choimisinéara Teanga
Seo a leanas dualgais an Choimisinéara Teanga mar a shonraítear iad in alt 20 - 30 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla:
- Monatóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla á gcomhlíonadh ag comhlachtaí poiblí agus gach beart riachtanach a dhéanamh chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh comhlachtaí poiblí a ndualgais faoin Acht.
- Imscrúduithe a sheoladh as a stuaim féin, ar iarratas ón Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta nó mar thoradh ar ghearán a bheith déanta leis ag aon duine i gcás ina gcreidtear go bhfuil teipthe ar chomhlachtaí poiblí a ndualgais a chomhlíonadh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá sé de cheart freisin go bhfiosróidh an Coimisinéir Teanga aon ghearán bailí ina líomhnaítear nach bhfuil foráil d’aon achtacháin eile a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge á comhlíonadh.
- Tuarascáil i scríbhinn a ullmhú faoi gach imscrúdú.
- Comhairle a chur ar fáil don phobal maidir lena gcearta teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.
- Comhairle a chur ar fáil do chomhlachtaí poiblí maidir lena ndualgais teanga faoin Acht.
- Tuarascáil bhliantúil faoi obair Oifig an Choimisinéara Teanga a sholáthar don Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta le cur os comhair Thithe an Oireachtais.
- Cuntais bhliantúla faoi chaiteachas Oifig an Choimisinéara Teanga a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus a sholáthar don Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta le cur os comhair Thithe an Oireachtais.