Comharthaí Tráchta

Tá úsáid na Gaeilge ar chomharthaí tráchta na tíre ar an léiriú is feiceálaí de pholasaí an stáit i leith ár dteangacha oifigiúla, Gaeilge agus Béarla. Caithfidh údaráis bhóithre na tíre cloí leis na dualgais atá leagtha orthu maidir le húsáid na dteangacha sin ar chomharthaí tráchta faoin Lámhleabhar do Chomharthaí Tráchta/Traffic Signs Manual. Tá na dualgais sin leagtha amach sa bhileog eolais dar teideal Úsáid na Gaeilge ar Chomharthaí Tráchta atá le híoslódáil anseo.

Is forálacha d'achtachán a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge iad na forálacha faoin nGaeilge ar chomharthaí tráchta sa Lámhleabhar do Chomharthaí Tráchta. Fágann sin go bhfuil údarás reachtúil ag an gCoimisinéir Teanga gearáin a fhiosrú maidir le fadhbanna le húsáid na Gaeilge nó easpa Gaeilge ar chomharthaí tráchta.

Má fheictear duit go bhfuil comharthaí tráchta curtha in airde ag na húdaráis bhóithre nach bhfuil ag teacht leis na forálacha reachtúla, is féidir leat gearán a dhéanamh le hOifig an Choimisinéara Teanga ar an bhfoirm ghearáin.

Más mian leat cóipeanna den bhileog eolais agus/nó den fhoirm ghearáin a fháil, téigh i dteagmháil linn ag eolas@coimisineir.ie.